Cé nár ghlac Cill Chartha páirt in imeachtaí Chumann Lúthchleas Gael go dtí 1924 bhí cluichí gaelacha a imirt roimh sin.  Ní raibh cumann peile ar bith eagraithe sa Pharóiste roimh 1920.  Bhí sacar a imirt ins an Pharóiste roimh 1920 ach taréis na Black and Tans theacht anseo thosaigh na gasúr óga ag imirt peil ghaelach de bharr athbheochaint náisiúnachas sa cheantar.

Nuair a d’imir foireann Chill Chartha ar an trá i gCaiseal, Gleanncholmcille don chead uair i 1924, ba ar trí charr a dtarraingt ag capaill an córas iompar a bhacú.  Ba iad Aodh Mac Giolla Chearra agus Seán Mac Seáin as Druim Righteach, agus Padraig McDaibhid as Baile an Teampaill na tiománaithe.  Ba ar lorrai Phádraig Ua Gabhra, nó Paddy Tim nó Bradley mar a tugtaí air, a thaisteal siad ina dhiaidh sin.

I 1925 buaigh Cill Chartha Craobh an Contae de bharr éagmhaise.  Cuireadh Ard

A’ Ratha agus Béal Átha Seanaigh ar fionraí agus dhiúltaigh Dún Fionnachaidh Cill Chartha a imirt ins an chluiche ceannais mar nach raibh siad sásta gur cuireadh na foirne eile ar fionraí.

I 1933 agus 1935 buaigh an chumann Straith Sinsir an Chontae ach de bharr imirce ní raibh an chumann an-láidir  i rith na tríochaidí.

Bhí Corn Shliabh Liag a imirt ag an am sin idir foirne ó Chill Chartha agus Gleanncolmcille.

Bhuadh Gleann a’Bhaile Dhuibh corn Shliabh Liag i 1930-’31, Baile an Droichid i 1931-’32.  Níor chríochnaíodh an comórtas i 1931-’33.  Bá é an tAthair O Gríofa a bhí ar an Charraig a chur tús leis an chomórtas seo.

I rith an ama seo bhí fear amháin ins an Pharóiste a raibh clú agus cáil air, sé sin James Patrick MacFhionnghaile.  Bhí sé ar pheileadóir chomh maith is a bhí sa tír ag an am.  Thosaigh sé ag imirt i 1924 agus chomh maith le bheith ag imirt leis an chlub d’imir sé le fochumainn Ard A’ Ratha, Na Cealla Beaga agus Glenncholmcille. 

D’imir sé ar foireann sóisear Dún na nGall i 1933 a d’imir i gcluiche ceannais Craobh Sóisear na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, in éadan Maigheo, ar an 8ú lá de Deireadh Fómhair 1933. Caill Dún na nGall , (2-15 le 2-2).

D’imir sé a chéad cluiche sinsear don chontae ar an Sraith Laoil, An Charraig i éadán Fear Manach ar an 3ú lá Meitheamh 1934.  Caill Dún na nGall,  (1-3 le 2-5). D’imir sé ar foirne Sinsear Dhún na nGall i 1934, 1935, 1936 agus 1938

Bhíodh sé ag réiteoireacht comh maith i rith na h-ama seo.  D’éirigh sé as an imirt agus an réiteoireacht i 1948.

Bhí dearthár aige, Leo, a rinne eacht chomh maith. Bhí sé ar an chead fhoireann mionúr a chur Dún na nGall cun páirce. D’imir siad a gcéad cluiche in éadan Tír Eoghain ar An Ómaigh ar 8ú lá  Iúil 1934. Caill Dún na nGall an cluiche,  (1-4 le 1-5).

I 1935 d’imir foireann mionúr Dhún na nGall, Leo ina measc, i  gcluiche leath cheannais Craobh Mionúr  na hÉireann i bPáirc an Crócaigh in éadan Tiobraid Árann ar 19ú lá de Lúnasa.  Caill Dún na nGall an cluiche (2-2  le 3-3).

Tá Leo ina chónaí i Luimneach anois, Mean Fómhair 2016, agus é nócha naoi bliana d’aois.

I rith na dachaidí, ach go h-airaithe i rith an chogaidh,  ní raibh an chumann ábalta foirne láidir a chur chun na páirce de bharr easpa córais iompar.  I 1948 tháinig feabhas ag ghnóthaí eacnamaíochta agus d’éirigh leo an chluiche ceannais de Craobh Sóisear an Chontae a bhaint amach ach fuair Na Dúnaibh an lámh in uachtar orthu. (3-5 le 1-3)

Bhí an chlub an lag ag tús na gcaogaidí ach rinneadh iarracht mór i 1951 chun an chlub a atheagrú.  I 1953 bhí foireann mionúr ag imirt faoin ainm An Charraig agus bhí siad comh maith agus a bhí ins an Chontae.  Bhí biseach ag teacht ar gnóthaí eacnamaíochta ins an Pharóiste comh maith mar go raibh Gaeltarra Éireann agus comhlacht foraoiseachta ag cur fostaíocht ar fáil.

I 1959 bhuadh siad Sraith Sinsir na Contae nuair a bhuadh siad ar An Chlochán  Liath ins an cluiche ceannais.  Fuair Séan Mac Cumhaill an láimh in uachtar orthu i gcluiche ceannais Craobh Sinsir na Contae. 

Bhí siad ins an cluiche ceannais den Craobh arís i 1963 ach fuair Séan Mhic Chumhaill an buaidh orthu. (1-6 le 0-4)

I 1964 d’éirigh le foireann na Mionúr Craobh an Chontae a bhaint don chéad uair agus bhí brí úr le feiceáil ins an chlub. Cill Chartha 2-7 Na Ceithre Maistrí 2-4

I 1968 rinneadh atheagrú ar an chlub arís agus thosaigh siad ag imirt i Craobh Sóisear an Chontae.

Bhí an Pháirc in aice na trá, i dTamhnaigh a bhí a úsáid ó na fícheadaí maith le leor, gidh go raibh sé goirid, agus bhí neart scríofa faoin suíomh álainn agus an radharc álainn i mbá Thamhnaigh leis na “Grandstands” ar gach taobh.  Bhí grinneall gainimh aige a bhí  i gcónaí tirim agus bhí sé réasúnta réidh Roimh na ficheadaí chuir muintir na háite clocha móra amach i gcoinne na taoide agus líon sé suas an spás le gaineamh na trá.  Tógadh balla stroighne cois na habhann i 1950/’51 sa dóigh nach mbeadh briseadh agus réabadh a dhéanamh ar an talamh.

Ag deireadh na gcoaghadaí agus ag tús na seascadaí, bhí mórán leoraithe agus taracóirí ag tógáil gairbhéil agus gainimh ón trá.  Mar gheall ar seo bhí an taoide ag ithe giota ndhiaidh giota den talamh go dtí nach raibh fágtha ach tuairim dhá dtrian den gnáth pháirc imeartha.  Ní raibh sé sásúil i gcóir cluichí do dhaoine fásta gidh go raibh sé measartha maith do na buachaillí óga.

Fuair Mícheál Óg Mac Pháidín, Teachta Dála agus Seanadóir, bás i 1958 agus go luath i 1959 tionóladh cruinniú sa pharóiste agus piocadh coiste sa bhaile agus i gcéin le éacht éigin a dhéanamh i gcuimhne Mhichíl Óig.  Ceannaíodh píosaí talaimh in aice na h-abhna ó fheirmeoirí Thamhnaigh agus bronnadh ar an chlub iad.

Tugadh Páirc Chuimhneacháin Mhicheál Óig Mhic Pháidín air agus osclaíodh é i Mí Lúnasa 1964 le cluiche in éadan an Chlochán Liath.  Bhí deacrachtaí leis mar go raibh sé doiligh an t-uisce a bhaint den pháirc nuair a bhí an aimsir fliuch mar gheall ar suíomh agus guí an talaimh.  Ní raibh an pháirc leathan go leor go háirithe ar an taobh in aice Bá Thamhnaigh, rud a d’fhág cluichí dian le caighdeán íseal peile agus muintir Chill Chartha caillte ar pháirceanna móra an Chontae.

Bhí an pháirc seo a úsáid go dtí 1984 nuair a tógadh agus fosclaíodh an páirc úr atá ar shuíomh na páirc a bhí in aice na trá.

Bhí tús ciúin go leor leis na seachtóidí agus ní raibh leidiú ar bith a thabhairt faoin ré órga a bhí le teacht.

Bhain an chlub, a bhí ag imirt sa roinn Sóisear, Comórtas Peile na Gaeltachta Dhún na nGall sa bhliain 1970.

Bhain an club an Craobh Sóisear ar Chontae i 1971 agus Craobh faoi-21 i 1972, 1973 agus 1974. 

Bhí fear óg darbh ainm Mícheál Mac Giolla Chearra ag imirt leis na foirne faoi-21 agus bheadh cliú agus cáil air níos moille.  Bháin sé bonn Craobh Uladh ag imirt le Dún na nGall i 1974. 

Bhain siad Comórtas Peile na Gaeltachta (Dhún na nGall) i 1975. 

D’éirigh leo Sraith Sinsir an Chontae a bhaint i 1975 agus i 1979.

Ag deireadh na seachtóidí cuireadh tús le obair ar an pháirc úr.  Bhí na cluichí ar fad a imirt ar Pháirc Cuimhneacháin Mhicheál Óg Mhic Pháidín ach bhí páirc eile a dhíth ar an chlub.

I 1980 rinne an foireann sinsir éacht nuair a bhain siad Craobh Sinsir na Contae.  Bá iontach an lá sin don chlub.  Bhí laoch nua eile le fheiscint an lá ud, sé sin Máirtín Beag Mac Aoidh.  Ní raibh sé ach ocht mbhliana déag d’aois ag an am.  Gan aon dabht ba seo an éacht ba mhó riamh ar pháirc na himeartha agus thug sé seo misneach don chumann agus don fhoireann óg seo.

Bhain siad an Craobh arís i 1985, 1989  agus 1993 agus bualadh orthu ins na cluiche ceannais i 1982, 1987 agus 1988. 

Bhain siad Srath Sinsir an Chontae i 1981,1982,1983,1984 agus 1987. 

I gComórtaisi Peile na Gaeltachta bhain siad an Craobh Contae agus an Chraobh Náisiúnta Sinsir i 1987 agus i 1989 bhain siad an Craobh Sinsir agus an Craobh Sóisear Contae agus an Craobh Sinsir agus Sóisear Náisiúnta i Gleanncolmcille. 

Bhí an foireann Sóisear ag imirt ins an Craobh Idirmheánach agus bhí siad ins an cluiche ceannais i 1984 nuair a bualadh orthu. 

Fósclaíodh an pháirc úr ar 5ú Lúnasa 1984 agus bhí baill an chlub ag ceiliúradh an ócáid stairiúil seo.

Bhain Cill Chartha an Comórtaisi Náisiúnta Peile na Gaeltachta arís i 1990 agus 1991, sé sin trí mbliana anois as a chéile.  Bhain an foireann Sinsir Craobh Sinsir an Chontae arís  i 1993 nuair a fuair siad an láimh in uachtar ar Na Cealla Beaga agus bhain an foireann Sóisear an Craobh comh maith nuair a bhuail siad Gaeil Fhánada ins an cluiche ceannais.

I 1998 bhain na Mionúr Craobh an Chontae in athimirt in éadan Na gCeithre Maistrí.  (4-3 le 0-11). Rinne Aaron Ó hÉigeartaigh éacht an lá úd nuair a scóráil sé ceithre cúl.  I 1999 bhain an fhoireann Sinsir An Craobh Contae de Chomórtaisi Peile na Gaeltachta agus bhí deireadh seachtaine tharr bharr acu i Rinn Ua gCuanach, Port Láirge. 

Ag tús an cheid úr bháin an foireann sóisear Craobh Sóisear na Contae agus bhain an foireann Sinsir Comórtas Peile na Gaeltachta , Sinsir, Buaiteoirí, (Dún na nGall)

Bháin an foireann Sóisear an Craobh Sóisear arís i 2001

Rinneadh a lán forbairt ar aiseanna an fó-chumann ins na blianta 2001 go 2004.

Tógadh seomraí feistis nua, rinneadh obair ar an páirc peile, tógadh cár clós nua agus tógadh bealach isteach nua. Chomh maith le sin tógadh ballaí lé cosaint ó creimeadh farraige. Bhí costas iomlán ar seo dé €200,000 agus fuar an fó-chumann deontas de €100,000 ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Bhí foirne as Chill Chartha ag freastail ar na Comórtas Peile na Gaeltachta ó tús agus don chead uair riamh bhí Comórtaisí Naisiúnta Peile na Gaeltachta i gCill Chartha i 2004. Tháinig na foirne, a gcuid lucht tacaíochta agus na meáin, agus bháin gach duine a bhí linn taithneamh as a gcúirt chugainn. Deireadh seachtaine iontach a bhí ann don chlub.

Cé go raibh a lán oibre a dheanamh le foirne faoi aois tháinig lag trá ar cumas na foirne sinsir agus ó 1999 go 2010. Bualadh ar an foireann sinsir sa Craobh, ins na chead babhtaí, i 2000, 2001, 2002, 2003, 2005, 2008 agus 2010 agus ins na cluichí ceathrú ceannais i 2004, 2006, 2007 agus 2009.

Ach bhí biseach ag teacht.

I 2008 bhain an fhoireann sinsir Comórtas Peile na Gaeltachta, Craobh Sinsir Dún na nGall agus Craobh na hEireann

Ins an bhliain 2010 bháin an fhoireann mionúr Craobh na Contae in éadan Cloich Cheannfhaola (0-7 le 1-3), agus bháin an fhoireann faoi-21 Craobh na Contae i 2011in éadan Naomh Conaill, (3-9 le 2-10).

Bhain an foireann mionúr craobh na contae arís i 2012 in éadan Naomh Adhamhnán, (2-11 le 2-4) agus rinne an fhoireann faoi 21 amhlaidh i 2013 in éadan Naomh Conaill, (1-10 le 1-8).

Bhí an cuid is mó dos na peileadóirí sin ag imirt leis an fhoireann sinsir nuair a bhain siad  Comórtas Peile na Gaeltachta, Sinsir, Dún na nGall agus Na hEireann i 2014. Bhain siad an Democrat Cup, Srath Sinsir na Contae, ins an bhliain 2014 chomh maith.

D’eirigh leis an foireann sinsear an cluiche leathcheannais dé Craobh Sinsir na Contae a bhaint amach i 2015 ach bhí Naomh Conaill níos fearr ná iad ar an lá. (4-10 le 0-11)

Tháinig athrú ar sin i mbhliana agus bhí an bua acu ar Naomh Conaill ins an cluiche leath cheannais. (5-10 le 1-11).

Tá siad anois ins an cluiche ceannais in éadan Gleann tSúilí. Ádh mór orthu.

Tógadh páirc úr traenalá i 2014/2016 ins an ait a bhiodh Páirc Micheál Óg Mac Pháidin agus is cinnte go mbheadh an Coiste a cheannaigh ná píosaí talún sin, rinne páirc peile astú agus a bhronn é ar an chlub é i 1964, fíor bródúil as anois.

Fuair an club deontas dé €90,000 ón Roinn  Iompair Turasóireachta agus Spóirt don obair seo.

Ní neart go cur le chéile

Loading script and Flickr images

Copyright © 2018 CLG Chill Chartha. All Right Reserved.
Powered By James Byrne