Stair CLG Cill Chartha
Cé nar ghlac Cill Chartha páirt in imeachtaí Chumann Luthcleas Gael go dti 1924 bhí cluichí gaelacha a imirt roimh sin. Ní raibh cumann peile ar bith eagraithe sa Pharóiste roimh 1920. Bhí sacar a imirt ins an Pharóiste roimh 1920 ach tareis na Black and Tans theacht anseo thosaigh na gasúr óga ag imirt peil ghaelach de bharr athbheochaint náisiúnachas sa cheanntar.
Nuair a d’imir foireann Chill Chartha ar an trá i gCaiseal, Gleanncholmcille don chead uair i 1924, ba ar trí charr a dtarraingt ag capaill an córas iompar a bhacú. Ba iad Aodh Mac Giolla Chearra agus Seán Mac Seáin as Druim Righteach, agus Padraig McDaibhid as Baile and Teampaill na tiománaithe. Ba ar lorrai Phádraigh UaGabhra, nó Paddy Tim nó Bradley mar a tugaí air, a thaisteal siad ina dhiaidh sin.
I 1925 buaigh Cill Chartha Craobh an Contae de bharr éagmaise. Cuireadh Ard
A’ Ratha agus Béal Átha Seannaigh ar fionraí agus dhiúltaigh Dún Fionnachaidh Cill Chartha a imirt ins an chluiche ceannais mar nach raibh siad sásta gur cuireadh na foirne eile ar fionnraí.
I 1933 agus 1935 buaigh an chumann Straith Sinsir an Chontae ach de bharr imirce ní raibh an chumann an-láidir i rith na tríochaidí.
Bhí Corn Shliabh Liag a imirt ag an am sin idir foirne ó Chill Chartha agus Gleanncolmcille.
Bhuaidh Gleann a’Bhaile Dhuibh corn Shliabh Liag i 1930-’31, Baile an Droichid i 1931-’32. Níor chríochnaíodh an comórtas i 1931-’33. Bá é an tAthair O Gríofa a bhí ar an Charraig a chur tús leis an chomórtas seo.
I rith an ama seo bhí fear amháin ins an Pharóiste a raibh cliú agus cáil air, sé sin James Patrick MacFhionnghaile. Bhí sé ar pheileadóir chomh maith is a bhí sa tír ag an am. Thosaigh sé ag imirt i 1924 agus chomh maith le bheith ag imirt leis an chlub d’imir sé le fochumainn Ard A’Ratha, Na Cealla Beaga agus Glenncholmcille. D’imir sé ar fhoirne Chontae idir 1933 agus 1946. Bhíodh sé ag réiteoireacht comh maith i rith na h-ama seo. D’éirigh sé as an imirt agus an réiteoireacht i 1948.
I rith na dachaidí, ach go h-airaithe i rith an chogaidh, ní raibh an chumann ábalta foirne láidir a chur chun na páirce de bharr easpa córais iompar. I 1948 tháinig feabhas ag ghnóthaí eacnamaíochta agus d’éirigh leo an chuiche ceannais de Craobh Soisear an Chontae a bhaint amach ach fuair Na Dúnaibh an lámh in uachtar orthu.
Bhí an chlub an lag ag tús na gcaogaidí ach rinneadh iarracht mór i 1951 chun an chlub a atheagrú. I 1953 bhí foireann mionúr ag imirt faoin ainm An Charraig agus bhí siad comh maith agus a bhí ins an Chontae. Bhí biseach ag teacht ar gnóthaí eacnamaíochta ins an Pharóiste comh maith mar go raibh Gaeltarra Éireann agus comhlucht foraoiseachta ag cur fostaíocht ar fáil.
I 1959 bhuaidh siad Sraith Sinsir na Contae nuair a bhuaidh siad ar An Chlochán Liath ins an cluiche ceannais. Fuair Séan Mac Cumhaill an láimh in uachtar orthu i gcluiche ceannais Craobh Sinsir na Contae.
Bhí siad ins an cluiche ceannais den Craobh arís i 1963 ach fuair Séan Mhic Chumhaill an buaidh orthu.
I 1964 d’éirigh le foireann na Mionúr Craobh an Chontae a bhaint don chéad uair agus bhí brí úr le feiceál ins an chlub.
I 1968 rinneadh atheagrú ar an chlub arís agus thosaigh siad ag imirt i Craobh Soisear na Contae.
Bhí an Pháirc in aice na trá, i dTamhnaigh a bhí a úsáid ó na fícheadaí maith le leor, gidh go raibh sé goirid, agus bhí neart scríofa faoin suíomh álainn agus an radharc álainn i mbá Thamhnaigh leis na “Grandstands” ar gach taobh. Bhí grinneall gainimhe aige a bhí i gcónaí tirim agus bhí sé réasúnta réidh Roimh na ficheadaí chuir muintir na h-áite clocha móra amach i gcoinne na taoide agus líon sé suas an spás le gaineamh na trá. Tógadh balla stroighne cois na h-abhann i 1950/’51 sa dóigh nach mbeadh briseadh agus réabadh a dhéanamh ar an talamh.
Ag deireadh na gcoaghadaí agus ag tús na seascadaí, bhí mórán leoraithe agus tarracóirí ag tógáil gairbhéil agus gainimhe ón trá. Mar gheall ar seo bhí an taoide ag ithe giota indhiaidh giota den talamh go dtí nach raibh fágtha ach tuairim dhá dtrian den gnáth pháirc imeartha. Ní raibh sé sásúil i gcóir cluichí do dhaoine fásta giddy go raibh sé measartha maith do na buachaillí óga.
Fuair Mícheál Óg Mac Pháidín, Teachta Dála agus Seanadóir, bás i 1958 agus go luath i 1959 tionóladh cruinniú sa pharóiste agus piocadh coiste sa bhaile agus i gcéin le éacht éigin a dhéanamh i gcuimhne Mhíchíl Óig. Ceannaíodh píosaí talaimh in aice na h-abhna ó fheirmeoirí Thamhnaigh agus bronnadh ar an chlub iad.
Tugadh Páirc Chuimhneacháin Mhícheáil Óig Mhic Phaidín air agus osclaíodh é i Mí Lúnasa 1964 le cluiche in éadan an Chlochán Liath. Bhí deacrachtaí leis mar go raibh sé doiligh an t-uisce a bhaint den pháirc nuair a bhí an aimsir fliuch mar gheall ar suíomh agus guí an talaimh. Ní raibh an pháirc leathan go leor go háirithe ar an taobh in aice Bá Thamhnaigh, rud a d’fhág cluichí dian le caighdeán íseal peile agus muintir Chill Chartha caillte ar pháirceanna móra an Chontae.
Bhí an pháirc seo a úsáid go dtí 1984 nuair a tógadh agus fosclaíodh an páirc úr atá ar shuíomh na páirc a bhí in aice na trá.
Bhí tús ciúin go leor leis na seachtóidí agus ní raibh leidiú ar bith a thabhairt faoin ré órga a bhí le teacht. Bhain an chlub, a bhí ag imirt sa roinne Soisear, Comórtas Peile na Gaeltachta Dhún na nGall sa bhliain 1970. Bhain an club an Craobh Soisear na Contae i 1971, Craobh faoi-21 i 1972,1973 agus 1974. Bhí fear óg darbh ainm Mícheál Mac Giolla Chearra ag imirt leis na foirne faoi-21 agus bheadh cliú agus cáil air níos moille. Bháin sé bonn Craobh Uladh ag imirt le Dún na nGall i 1974.
Bhain siad Comórtas Peile na Gaeltachta (Dhún na nGall) i 1975. D’éirigh leo Sraith Sinsir na Contae a bhaint i 1975 agus i 1979.
Ag deireadh na seachtóidí cuireadh tús le obair ar an pháirc úr. Bhí na cluichí ar fad a imirt ar Pháirc Cuimneachain Mhicheáil Óg Mhic Phaidín ach bhí páirc eile a dhíth ar an chlub.
I 1980 rinne an foireann sinsir éacht nuair a bhain siad Craobh Sinsir na Contae. Bá iontach an lá sin don chlub. Bhí laoch nua eile le feiscint an lá ud, sé sin Máirtin Beag Mac Aoidh. Ní raibh sé ach ocht mbhliana déag d’aois ag an am. Gan aon dabht ba seo an éacht ba mhó riamh ar pháirc na himeartha agus thug sé seo misneach don chumann agus don fhoireann óg seo.
Bhain siad an Craobh arís i 1985, 1989 agus bualadh orthu ins na cluiche ceannais i 1982, 1987 agus 1988.
Bhain siad Srath Sinsir na Contae i 1981,1982,1983,1984 agus 1987.
I gComórtaisi Peile na Gaeltachta bhain siad an Craobh Contae agus an Chraobh Náisiúnta Sinsir i 1987 agus i 1989 bhain siad an Craobh Sinsir agus an Craobh Soisear Contae agus an Craobh Sinsir agus Soisear Náisiúnta i Gleanncolmcille.
Bhí an foireann Soisear ag imirt ins an Craobh Idirmheanach agus bhí siad ins an cluiche ceannais i 1984 nuair a bualadh orthu.
Fósclaíodh an pháirc úr ar 5ú Lúnasa 1984 agus bhí baill an chlub ag ceiliúradh an ócáid stairiúil seo.
I 1990, 1991, Bhain Cill Chartha Comórtaisi Náisiúnta Peile na Gaeltachta. sé sin trí mbliana as a chéile.
I 1993 bhain an foireann Sinsir Craobh Sinsir na Contae nuair a fuair siad an láimh in uachtar ar Na Cealla Beaga agus bhain an foireann Soisear Craobh na Contae nuair a bhuail siad Gaeil Fhannada ins an cluiche ceannais.
I 1998 bhain na Mionúr Craobh na Contae in athimirt in éadan Na gCeithre Maistirí. Rinne Aaron Ó hÉigeartaigh éacht an lá úd nuair a scóráil sé ceithre cúl.
I 1999 bhain an foireann Sinsir An Chraobh Chontae de Chomórtaisi Peile na Gaeltachta agus bhí deireadh seachtaine tharr bharr acu i Rinn Ua gCuanach, Port Lairge.
I 2000 bhain an foireann Sinsir an Chraobh Chontae de Chomórtaisi Peile na Gaeltachta arís agus thug siad a n-aghaidg ar Cill tSéadhna i gContea Maigh Eó. Bhuail Naomh Abán iad sa cluiche cheannais.
I 2001 bhain an foireann Soisear Craobh Soisear B na Contae.
I 2008 bhain Cill Chartha Comórtaisi Náisiúnta Peile na Gaeltachta
I 2011 bhain an foireann Sinsir Tacaiochta Craobh na Contae ( Cill Chartha 0-10 Na Ceithre Maistrí 1-05), agus bhain Cill Chartha Craobh Faoi-21 na Contae (Cill Chartha 3-9 Naomh Conaill 2-10)
I 2013 bhain Cill Chartha Craobh Faoi-21 na Contae (Cill Chartha 1-10 Naomh Conaill 1-8)
I 2014 bhain Cill Chartha Comórtaisi Náisiúnta Peile na Gaeltachta
I 2015 bhain Cill Chartha Craobh Faoi-21 na Contae (Cill Chartha 0-13 N. Adhnamhan 1-8)
I 2016 bhain Cill Chartha Srath Sinsir na Contae
I 2017 bhain an foireann Sinsir Craobh Sinsir na Contae nuair a fuair siad an láimh in uachtar ar Naomh Conaill, agus bhain an fhoireann sin Sraith Roinn 1 na Contae chomh maith.
I 2017 bhain an foireann Sinsir Tacaiochta Sraith Roinn 1 Tacaiochta na Contae
O Tús na naochtaí tá athrú mór tagtha ar na aiseanna ata a chur ar fáil ag an chlub. Seomraí feistis nua, Car clós nua agus bóthar nua. Comh maith le sin tá obair a dhéanamh ar ná páirceanna imeartha agus ar an timpeallacht agus is cinnte go bhfuil na h-aiseanna seo comh maith is atá sa tír.
I 2017 Fósclaíodh an pháirc úr Traenála ar an suiomh Páirc Chuimhneacháin Mhícheáil Óig Mhic Phaidín
Béidh na Comórtaisi Náisiúnta Péile na Gaeltachta ar siúl i gCill Chartha sa bhliain 2024.
Rolla Onóra
Craobh Sinsir Dhún na nGall (6)
2017 Cill Chartha 0-07 Naomh Conaill 0-04
1993 Cill Chartha 0-12 Na Cealla Beaga 0-10
1989 Cill Chartha 1-09 Aodh Ruadh 0-09
1985 Cill Chartha 0-09 Ná Ceithre Maistrí 0-07
1980 Cill Chartha 1-13 Árd ‘a Ratha 0-08
1925 Cill Chartha gan imirt Dunfanaghy
Sraith Sinsir Sinsir Dhún na nGall (14)
2019, 2017, 2016, 2014, 1987, 1984, 1983, 1982, 1981, 1979, 1975, 1959,
1935, 1933
Comórtas Peile na Gaeltachta , Sinsir, Buaiteoirí, (Na hEireann) (6)
2014 Cill Chartha 3-14 Micheal Breathanach 0-13 (Maigh Cuilinn)
2008 Cill Chartha 0-10 Naomh Columba 1-05 (Naomh Columba)
1991 Cill Chartha Maigh Cuilinn (Beal Átha Ghaothaigh)
1990 Cill Chartha 2-13 Corca Dhuibhne 0-08 (Gallarus)
1989 Cill Chartha 1-09 Naomh Columba 0-09 (Naomh Columba)
1987 Cill Chartha 0-11 An Fhairche 0-10 (Béal an Mhuirthid)
Craobh Sinsir Tacaiochta Dhún na nGall (3)
2011 Cill Chartha 0-10 Four Masters 1-05
1994 Cill Chartha 1-13 Killybegs 1-04
1991 Cill Chartha 1-08 Killybegs 2-04
Sraith Sinsir Tacaiochta Dhún na nGall (1)
2017
Craobh Soisear Dhún na nGall (3)
1993 Cill Chartha 2-07 Fanad 0-09
1971 Cill Chartha 2-06 St Michaels 0-07
Comórtas Peile na Gaeltachta , Soisearr, Buaiteoirí, (Na hEireann) (1)
1989 Cill Chartha 2-06 Na Piarsaigh, Rosmuc 0-03 (Naomh Columba)
Craobh Sinsir Tacaiochta Dhún na nGall (3)
2001 Cill Chartha 1-09 Lifford 0-11
2000 Cill Chartha 3-27 Lifford 0-05
1996 Cill Chartha 2-11 Ard A’ Ratha 1-05
Craobh Faoi-21 Dhún na nGall (6)
2015 Cill Chartha 0-13 St. Eunan’s 1-08
2013 Cill Chartha 1-10 Naomh Conaill 1-08
2011 Cill Chartha 3-09 Naomh Conaill 2-10
1974 Cill Chartha 2-08 Naomh Conaill 0-04
1973 Cill Chartha 1-05 Four Masters 0-05
1972 Cill Chartha 6-15 Convoy 0-05
Craobh Mionúr Dhún na nGall (4)
2012 Cill Chartha 2-11 St Eunan’s 2-04
2010 Cill Chartha 0-07 Cloich-Fhaola 1-03
1998 Cill Chartha 4-03 Four Masters 0-11
Cill Chartha 0-09 Four Masters 1-06
1964 Cill Chartha 2-07 Four Masters 0-04
Imreoirí mór le rá an chumann (lé sinsir Dhún na nGall)
Seamus P. Mac Fhionnghále - Dún na nGall 1934 – 1938
Eamonn Ó Ceanainn - Dún na nGall 1936 – 1940
Micheál Mac Giolla Cheara - Dún na nGall 1973 – 1986
Máirtin Mac Aoidh - Dún na nGall 1981 – 1994 Bonn Sinsir úile Éireann 1992
Seamus Mac Aoidh - Dún na nGall 1990 – 1998 Bonn Sinsir úile Éireann 1992
Marc Mac Seáin - Dún na nGall 1993 – 1995
Micheál Ó hÉgeartaigh - Dún na nGall 1999 – 2011
Marc Mac Aoidh - Dún na nGall 2010 – 2018 Bonn Sinsir úile Éireann 2014
Pádraig Mac Briartaigh - Dún na nGall 2011 – Bonn Sinsir úile Éireann 2014
Rián Mac Aoidh - Dún na nGall 2013 – Bonn Sinsir úile Éireann 2014
History of CLG Cill Chartha
Although Kilcar did not officially enter the G.A.A. until 1924 and so play county competitions they had played their first recorded game in 1921 (local inter townland).
There were three main reasons for the changeover from soccer to Gaelic. Because of Black and Tans involvement in the parish the men became much more nationalistic and adopted the game of Gaelic football in preference to soccer. This trend was also very powerful in all the colleges mentioned before and the boys attending here brought these ‘ideas' home to spread among their own kinfolk.
Because of one Joe McDevitt who went firstly to St. Columb's, Derry; St. Pat's College in Dublin and then went on to be the next principal of St. Enda's school in Dublin after Patrick Pearse had been executed. He more than anyone else was instrumental in setting up the G.A.A. in Kilcar.
But before the club officially got underway there was that first ever game in 1921. "Up the Glen challenged Muckross in this new football game in 1921. It was the first Gaelic game every played in Kilcar.. It was played in the month of May.
"Glencolmcille challenged later on in 1921. Accepted. Kilcar's teams was picked from the "Up the Glen and Muckross teams": This was the first ever game that a Kilcar parish Gaelic team played in.
The opponents for the very first time were arch rivals and neighbours Glen against whom many epic battles would be fought in the future. As one would notice all these early games were played on beached and they did not use goalposts but sticks or coats and if it went above outstretched hand height a point was given.
Even though Kilcar as a club did not enter competitions until 1924 many individuals were prominent in G.A.A. affairs. Mick Carr won a championship medal with Ardara in 1923.
After 1918 Kilcar soccer team wore a rig of all royal blue with gold ‘V' and when the first Gaelic team started up they also adopted the same colours. But at that time money was hard to come by and rigs had to be gathered. On the team that played Ardara on 15th August 1922 were five Erin's Hope players going to St. Patrick's Training College in Dublin. These of course had the jerseys home (Blue with a gold hoop). It had to be incorporated into the home rig because there wasn't enough jerseys to go around. The home team liked the jerseys so much that they adopted them as the home colours and bought a set of them. Apart from two brief spells - once in white when amalgamated with Glen and green in the late ‘sixties' - the blue and gold has been worn with distinction and pride ever since.
Kilcar began to participate in county competitions in 1924. Most of the fixtures for that first year were played very late on to facilitate the winnings of the harvest.
In 1925 Ardara along with Ballyshannon, Mountcharles, Glenties, Kilcar and Donegal took part in the 1925 South and South-Western League. The championship of 1925 ended with Ardara and Ballyshannon suspended and Dunfanaghy refusing to play Kilcar in the Final because of "the unsporting way in which they reached the final !!". Kilcar won the championship by default.