Fuair iar-Easpag Rath Bhotha agus Dhoire Séamus Ó hÉigeartaigh, a rúgdh agus a tógadh i gCill Chartha, bás in Otharlann Leitir Ceanainn Dé hAoine 20 lá Meán Fómhair. Cuireadh é i Reilig na hArdeaglaise i nDoire i ndiaidh Aifreann an mheánlae in Ard-Eaglais Naomh Eoghan i nDoire ar an Lúan 23 lá.
Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta Cill Chartha, i gColáiste Naomh Adhamhnáin, i Leitir Ceanainn, agus i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, ó 1959 go 1966.
Bhain sé céim amach i Staidéar Cheilteach agus labhair sé Gaeilge, Béarla agus Gearmáinis go líofa . Ordaiódh é mar shagart ar an 19 Meitheamh 1966.
Mhúin sé i gColáiste na Croise Naofa, an Fál Carrach, áit a raibh sé ina Uachtarán (1971-1981).
B’é an chéad Phríomhoide ar Phobalscoil Chloich Cheannfhaola nuair a bunaíodh é i 1973.
Bhí sí ina shagart cúnta i Srath an Urláir nuar a ceapadh é mar Easpag ar Dheoise Rath Bhotha i 1982. Ceapadh é mar Easpag ar Dheoise Dhóire i 1994.
De bharr droch shláinte d’éirigh sé as a phost mar Easpag i 2011.
Bhí sé mar phatrúin ar ár gcumann C.L.G i gChill Chartha agus bhí suim mhór aige i ngach gné de Chumann Lúthchleas Gael ní amháin i gCill Chartha ach ar fud ná tire.
Déanaimid comhbhrón lena theaghlach; a dheartháir Diarmaid, a dheirfiúr Máire agus lena chomhghleacaithe idir shagairt agus easpaig.